“Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste”

Irish

Fáilte Isteach Go hIonad Ghaeilge Phobalscoil Choill an Chollaigh. 

Sa scoil seo bíonn seans iomlán ag gach duine ard-chaigdeán Ghaeilge a bhaint amach. Cuirtear béim ar na scileanna go léir – ar an dteanga labhartha,ar éisteacht agus ar scríobh na Gaeilge. Is é meon na múinteoirí anseo ná gur cuid tábhachtach den chúltúr í an Ghaeilge. Déantar an-iarracht grá don Ghaeilge a chóthú sna daltaí.

Tugtar spreagadh do dháltaí féachaint ar TG4 agus éisteacht le Raidio na Gaeltachta chomh maith le nuachtáin Gaeilge a léamh. Cothaítear an tuiscint gur féidir dhátheangachas a bheith ag daoine óga agus gur cuid den todhchaí í an Ghaeilge. Mar a deir an seanfhocal “Tír gan teanga, Tír gan anam”.

Curaclam/ Curriculum

Leanann Roinn na Gaeilge na siollabais atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.  Is ábhar riachtanach í an Ghaeilge sa scoil seo.  Déanann daltaí an Ghaeilge ag ardleibhéal agus ag gnáthleibhéal sa Teastas Sóisearach agus i scrúdú na hArdteistiméireachta.  Déanann na daltaí  clár Ghaeilge na hIdirbhliana.  Leagtar béim ar leith ar labhairt na Gaeilge i ngach bliain ach go háirithe san Idirbhliain. 

 


Ardteistiméaracht

Ardleibhéal

Gnáthleibhéal

Ceapadóireacht

Ceapadóireacht

Léamhthuiscint

Léamhthuiscint

Cluastuiscint

Cluastuiscint

Prós

Prós

Filíocht

Filíocht

Scrúdú Béil

Scrúdú Béil

 

Is féidir na siollabais a íoslódáil ó www.education.ie.

 

Modhanna Múinteoireachta/Teaching methodologies

Baintear úsáid as modhanna múinteoireachta éagsula sa scoil. Cuirtear béim i ngach rang ar cheithre scil: labhairt, cluastuiscint, leamhthuiscint agus scríobh. Deantar iarracht iad a tháthú le chéile sa mhéid is gur féidir.

Measúnú/Assessment

Tá measúnú chun foghlama an-tábhachtach chun aiseolas a sholáthar do dhaltaí ar conas a gcuid foghlama a fheabhsú. Seo iad a leanas na modhanna éagsúla a úsáidtear sa scoil chun measúnú chun foghlama a chur chun cinn sa scoil:

  • cur i láthair
  • tascanna daltaí
  • tuairiscí saotharlainne,
  • measúnú (ar obair) ó bhéal,
  • tionscadail
  • scrúduithe scríofa
  • obair ó bhéal
  • éisteacht

An Ghaeltacht:

Freastalaíonn daltaí ón scoil ar na coláistí samhraidh gach bliain.

Useful link:

Irish Summer Colleges: www.concos.ie

Learn more

Subjects

Learn more